Léamh ag Aifreann Pósta

Leagan a léigh mé féin agus an tiontú Béarla- mar atá sa Bhíobla Gaeilge agus leagan Béarla-níl an dá rud ag teacht lena chéile go hiomlán ach chuireas an leagan Gaeilge lena chéile le teacht suas leis an gceann a tugadh dom as Béarla. (dála an scéil, cuireadh an leagan seo ar fáil dom toisc gan aon chreideamh a bheith agam agus gur leagan neamhdiach go leor é seo)

 

Sliocht as Laoi na Laoithe 2:8-10.14.16; 8:6-7

Ní láidre an Bás ná an Grá

 

Éist! mo ghrá!

Chugainn é

thar bharr na gcnoc

ag léim na ngleannta.

Cosúil mo ghrá le heilit

nó le fia óg ag léim.

Sin é lasmuigh anois é,

ag féachaint isteach an fhuinneog,

ag faire agus ag glinniúint.

Seo é mo ghrá ag labhairt liom

‘Éirigh chugam, a rún

a ghile, gluais liom.

Mo cholm i scailp na haille

I bhfolach i bpluaiseanna

Dá bhfeicfinn do ghnúis

Dá gcluinfinn do ghuth!

Óir is binn é do ghuth,

Is álainn í do ghnúis’

 

Le mo ghrása mise, agus liomsa mo ghrá.

 

Cuir mar shéala ar do bhrollach mé,

Mar fháinne ar do láimh.

Óir ní láidre an bás ná an grá

Ní doichte an tÉad ná Tír an Bháis.

Is tine dhóite é,

Sárlasair.

Díle uisce

ní mhúchfadh an grá,

ná tuile abhann

ní scuabfadh chun siúil é

 

Sin é briathar Dé.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

A reading from the Song of Songs 2:8-10.14.16; 8:6-7
Love is strong as Death.

I hear my Beloved.
See how he comes
leaping on the mountains,
bounding over the hills.
My Beloved is like a gazelle,
like a young stag.
See where he stands
behind our wall.
He looks in at the window,
he peers through the lattice.
My Beloved lifts up his voice,
he says to me,
‘Come then, my love,
my lovely one, come.
My dove, hiding in the clefts of the rock.
 
In the coverts of the cliff,
show me your face,
let me hear your voice;
for your voice is sweet
and your face is beautiful.’

My beloved is mine and I am his.

Set me like a seal on your heart, 
like a seal on your arm.
For love is strong as Death,
jealousy relentless as Sheol. The flash of it is a flash of fire,
a flame of the Lord himself. 
Love no flood can quench, 
no torrents drown.

This is the word of the Lord. 

Fáilte is Cúig Déag! (gearradh siar ar fháilte na bliana seo caite)

Bhuel, tá sibh beagáinín déanach nach bhfuil? Chaill sibh, a lucht iar-thíogair-cheiltigh, amach ar an gcraic ar fad dáiríre. Seo an Coláiste, áit a ndéanfaidh sibh staidéar is scrúduithe, áit a mbeidh lón deas sibhialta agaibh agus a mbeidh deoch bhog amháin agaibh sa bheár Dé hAoine.  Níorbh amhlaidh dúinne.


Nuair a thosaigh gach éinne, seachas sibhse na chéad bhliana, ar an ollscoil ní raibh le déanamh againn ach drabhlás, ragairne is babhtaí gnéis ó oíche go maidin. Is cuimhin liom féin an chéad lá dom ar an gColáiste uasal seo, lá a mhair seachtain go leith gan stad ó Bheár na Mac Léinn go dtí an Fóram, as sin go Club XXI, is go Coppers is ar ais arís. Murach Abra álainn idir eadarthu is na mná flaithiúla a thug bheith istigh dom(sa chiall is leithne den téarma) bheinn caillte leis an ocras agus an bhfuacht is ní bheinn ann leis an scéal seo a insint. Seachtain í nach ndéanfaidh mé dearmad uirthi go lá mo bháis, mar seachtain í nach raibh aon chuimhne agam uirthi ar an gcéad dul síos.
Anois agus laethanta úd an rachmais imithe uainn tá taibhse na dtáillí tar éis mic léinn a sceimhliú, sinne créatúir bhochta ag íoc as an bhfoghlaim! Siar nuair a thosaigh mise íocadh €300 sa lá liom as freastal ar léacht a mhair 3 nóiméad, is ní raibh orm aon scrúdú a dhéanamh ach amháin sa chás go raibh na húdaráis sásta €1,000 an ceann a thabhairt dom.
Sa lá atá inniu ann is geall le sclábhaíocht an ollscoil. Sclábhaíocht chostasach. Tá táille ar gach aon fhocal a léifidh tú sa leabharlann cloisim. Tá córas nua á fhorbairt do na léachtaí, cineál e-toll an M50 - €20 in aghaidh na léachta, scannalach atá seo! Cloisim, fiú, go ngearrfar táille eisceachtúil ar aon duine a leagfadh súil ar Aodh ‘€205,000 + pé suim a thaitneodh liom’ Ó Brádaigh le híoc as baint an fhéir ina theach cónaithe!
Ach ná bíodh lagmhisneach oraibh a chairde, tá an bochtanas go mór i bhfaisean i mbliana!

(Aithneofar gur baineadh táille beag riaracháin de €200 as do chuntas leabharlainne agus an t-alt seo á léamh agat le costais an scríbhneora a chlúdach. )

 (foilsíodh an t-alt seo ar ‘College Tribune’ Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath cheana)

Ábhar Dochtúra: Deonaigh Dúinn Duáin

Thóg Clár Úr an Rialtais cuid mhaith cainte is blaiseadh den cháineadh araon, nuair a moladh córas le rogha an diúltaithe in áit chóras le liostáil roghnach do dheonú orgán in Éirinn. Ó gur Seachtain Feasachta na nDeontóirí Orgán atá ann an tseachtain seo is maith an cheist seo a phlé.

An rud atá i gceist i láthair na huaire ná go nglactar leis nach dteastaíonn ón duine a c(h)uid orgán a thabhairt uathu, agus fiú sa chás go mbíonn cárta do dheontóirí orgán ag duine is minic a dhiúltaíonn muintir an deontóra, orgáin an duine chéanna a thabhairt uathu. Faoin gcóras molta bhainfí orgáin an duine dá bhféadfaí agus dá mbeidís in araíocht ach amháin dá mbeadh ráite ag an duine roimh réidh nár theastaigh uathu a mbaill bheatha nó a n-orgáin a dheonú.

Is fusa súilín a chaitheamh air seo agus a cheapadh gur dea-rud a bheadh ann ach cuireann comhphobal an trasphlandaithe in Éirinn d’fhainic orainn nach bhfeabhsaíonn córas le rogha an diúltaithe an líon orgán a thrasphlandáiltear go mór. Molann Líonra Duán na hÉireann agus Cumann Duán na hÉireann daoine a fhostú le comhordú a dhéanamh ar iarrachtaí orgáin a dheonú.

Go deimhin tá oifig náisiúnta ar na bacáin ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, oifig le hiarrachtaí daoine a mhealladh orgáin a dheonú a d’imreodh tionchar ar na hospidéil i mbealach níos dírithe. Ainneoin seo tá buairt léirithe ag na grúpaí seo agus eile nach bhfuil a ndóthain béime á gcur ar chur chun cinn an deonaithe go ginearálta.

Tá breis is 650 duine ar liosta feithimh in Éirinn, ag fanacht le horgáin ar nos an chroí, na scamhóg, an ae, na nduán agus an phaincréis. Tá buairt ar bhaill de phobal an trasphlandaithe gur ar dhochtúirí an lucht, dochtúirí atá anois róghnóthach le cúraimí eile agus nach gcaitheann am mar is cuí ag moladh an deonaithe do mhuintir na marbh.

Is é an Spáinn an tír is mó a dheonaíonn orgáin is tá córas le rogha an diúltaithe acu thall. Déantar cáineadh ar an gcóras mar atá ann áfach is tugtar le fios gur de bharr gur caitheadh airgead ar chúrsaí fógraíochta a d’éirigh leo. Deirtear chomh maith go n-íslítear líon na mbeo-dheontóirí i gcóras ina nglactar leis go bhfuil fonn ar dhuine a chuid orgán a dheonú.

Luadh chomh maith go mbeadh sé éifeachtúil ó thaobh costais de comhordaitheoirí don deonú orgán a fhostú de bharr go bhfuil costas an-ard ag baint le cúram scagdhealaithe leanúnaigh. Tá an chuid is mó de dhaoine ar haema-scagdhealú a chosnaíonn suas le €80,000 in aghaidh an duine sa bhliain.

Táthar ann a deireadh gur cóir gach orgán is gá a thógáil, más olc maith leis an duine féin é, mar nach gcuirfeadh sé isteach nó amach orthu ag an staid sin. Deirtear chomh maith go mbaineann geis leis an mbás inár sochaí iartharach agus gur seo an fáth a mbíonn drogall ar an mórlach deonú. An rud is measa faoin tslí a bhásaíonn daoine ceal orgán ná go bhfuil réiteach shaoráideach ann. Níl ort ach cárta a choinneáil leat agus é a mholadh do dhaoine eile. Smaoinmis air.

 

 

(Duáin agus a gcórais fola) 

 

Staidreamh

1989 - 105 aistriú duán

2010 - 98 aistriú duán (cé go bhfuil milliún níos mó duine sa tír)

Bhí scagdhealú ar bun ar 178 duine sa bhliain 1989 (tá deich n-oiread an méid sin air anois)

Fuair 51 duine níos lú aistriú duán sa bhliain 2010 i gcomparáid le 2009

An meán-líon croí a aistríodh ón mbliain 2000 go dtí 2009 ná 11 (thit an líon seo go 3 cinn anuraidh)

Os a choinne sin, tháinig méadú ar líon na ndaoine a bheartaigh beo-dheonú a dhéanamh go 23 (ardú ón 18 a rinne sa bhliain 2009)

Conas deonú

Is féidir cárta do dheontóirí orgáin a fháil saor in aisce ag poitigéirí, lialanna dochtúirí teaghlaigh agus ag oifigí de chuid Faisnéis do Shaoránaigh nó téacs leis an bhfocal DONOR a chur go 50050.

Gluais

Scagdhealú- an fhuil a ghlanadh trí fhuíolltáirgí a bhaint aisti

beo-dheonú - orgáin (nó cuid de cheann) a dheonú agus tú beo, an duán is mó a bhíonn i gceist

in araíocht - oiriúnach

trasphlandú – aistriú orgán ó dhuine go duine

geis – cosc nó ceangal sóisialta

baill bheatha – orgáin na colainne

 (foilsíodh an t-alt seo ar College Tribune Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath cheana)

An Cumann Liteartha 2009/10 (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath)

Bhíos féin mar reachtaire ar an gCumann Liteartha i mbliana. Cumann é a bhfuil stair fhada shuaithinseach aige, ceann ar féidir é a rianú siar go bunú an tsaorstáit féin nuair a cuireadh an cumann ar bun sa bhliain 1922. Seo a leanas bunchuspóirí an chumainn taca an ama sin.

 

"…[E]olas na Gaedhilge agus litridheachta na h-Éireann a mhéadú
chómh maith agus is féidir linn go mór-mhór tré: (a) Cómhrádh; (b)
Páipéirí; (c) Díospóireachtaí."

 

Gné fhíor-thábhachtach is iontach suimiúil ná an oidhreacht liteartha atá ag an nGaeilge, go deimhin is í an teanga is ársa í atá fós mar theanga labhartha san Eoraip, dá bhfuil cuntais scríofa dá cuid againn. Ní beag san, agus rud a éiríonn as san ná gur mór leanúint ar an gconair chéanna. Rud é sin, ar an mórgóir, a rinneadh i mbliana.

 

Eagraíodh, mar chuid de Sheachtain na Gaeilge Léamh Filíochta le Gabriel Rosenstock agus Aifric Mac Aodha. Thug Gabriel tuiscint dúinn ar an haikú agus a eolas leitheadach ina thaobh. Bhronn an Cumann duais aitheantais air as a bhfuil déanta aige i gcruthú litríocht na Gaeilge na haise seo, rud a raibh lámh nach beag aige ann. Fear é a bhfuil breis is 100 leabhar foilsithe aige. Iar-mhac léinn de chuid COBAC í Aifric agus roinn sí roinnt dá liricí dea-chumtha linn ar an ócáid iontach úd.

 

Cuireadh sraith de dhíospóireachtaí ar siúl sa seimeastar deireanach, le rúin dhúshlánacha spreagacha. Is maith ann a leithéid seo agus tá an Cumann faoi chomaoin ag Breandán Mac Ardghail agus Katie Nic Aindréis astu seo. Molaim sibh.

 

Cuireadh COGAR!, iris lándaite, lánfhada, chomhaimseartha, Ghaeilge amach sa dara seimeastar leis. Cathal Mac Dhaibhéid an fear ba mhó a chaith dua agus dúthracht ar an togra mórthaibhseach seo. Gura fada buan é agus í.

 

Fós le teacht uainn beidh léamh filíochta eile againn leis an bhfile aitheanta Liam Ó Muirthile go luath eagraithe ag Cormac Breathnach

 

Anuas orthu seo bhí lámh ag an gCumann i roinnt gnéithe éagsúla de shaol na Gaeilge timpeall an Champais, agus ba mhaith leis an gCumann tréaslú leis na cumainn agus grúpaí eile a chur aidhmeanna an Chumainn s’againn chun cinn i rith na bliana; díospóireachtaí idir-ollscoile, irisí na Scéime Cónaithe, Léachtaí Scoil na Gaeilge, obair an Chumainn Ghaelaigh is an Oifigigh Ghaeilge.

 

Tá gach súil againn tógáil ar obair na bliana seo sna réimsí céanna, agus forbairt is leathnú amach anseo; tá na tograí seo a leanas ar an bacáin; iris acadúil, iris rialta, díospóireachtaí idir-ollscoileanna, grúpaí léitheoireachta, agus an t-uafás eile nach iad.

 

Gabhaim buíochas ag eagarthóirí na hirise seo.

 

 

(Bhí i gceist an t-alt seo a fhoilsiú in iris nár tháinig ar an bhfód)

 EÓM (Eoghan Ó Murchadha)

Ábhar Dochtúra: Galair an Tíoróidigh – An baol dúinn iad?

Tá struchtúr beag sa mhuineál darbh ainm an fhaireog thíoróideach, agus is iomaí hormón a chuireann sé isteach sa chóras fola. Faireog í, sé sin gur grúpa ceall a thálann leacht nó hormóin atá inti agus taistealaíonn siad seo tríd an bhfuil le héifeacht a bheith acu ar chuid eile den cholainn (fás nó meitibileacht a chur i bhfeidhm).

Má tharlaíonn neamhord leis an bhfaireog is féidir go dtarlóidh galar dá bharr. Feictear na galair níos minice i measc na mban agus iad siúd atá dulta in aois. Don chuid is mó beidh an mac léinn comhaimseartha slán ach ó go bhfuil níos mó mac léinn aosta ag freastal ar an ollscoil ná mar a bhí le tamall de bhlianta, b’fhéidir gur mhaith againn súil a chaitheamh ar na galair seo. Ceann acu, Galar Graves, bíonn sé ar dhuine nó beirt as thart faoi gach míle duine. An fhoirm is mó ina bhfeictear an galar seo ná in ainglis nó meall mór a ghobann as muiníl daoine.

Faireog ar chruth féileacáin atá lonnaithe chun tosaigh sa mhuineál, díreach faoin úll brád, í an fhaireog thíoróideach, a thálann hormóin thábhachtacha a mbíonn tionchar acu ar mheitibileacht na gceall inár gcolainn. Baineann sí úsáid as an iaidín le tíorocsaín(T4) agus trí-iadaitíoróinín(T3)(hormóin) a chruthú, agus is iad seo a dhéanann rialú ar chuid thábhachtach de fhás is de mheitibileacht ár gcolainneacha. Tá an fhaireog thíoróideach faoi stiúir an hipeatalamais agus na faireoige piotútaí (faireoga san inchinn a thálann hormóin a mbíonn éifeacht acu ar an bhfaireog thíoróideach.)

Tá dhá phríomhchineál galair a éiríonn as na faireoga seo, ar an gcéad dul síos tá an hipirtíoróideacht, nó ina bhfágtar go gcruthaítear an-iomarca de na hormóin thíoróideacha seo. Mura gcruthaítear a dóthain hormón tíoróideach, is hipitíoróideacht a bhíonn i gceist. An dá ghalar is mó a tharlaíonn dá mbarr seo ná Galar Graves (as Robert James Graves dochtúir Éireannach a ainmníodh seo) agus Tíoróidíteas Hashimoto faoi seach.

Má chuirtear isteach ar feidhmeanna an tíoróidigh trí easpa hormón a chur ar fáil, san hipitíoróideacht, is féidir bheith ag súil go mbeidh daoine traochta, go mbeidh siad mall ó thaobh luas na hintinne. San hipirtíoróideacht bíonn daoine ag bárcadh allais, cailleann siad meáchain, éiríonn siad róthe go héasca, is bíonn siad suaite is neirbhíseach. Is féidir fadhbanna a bheith ann chomh maith le cruth an tíoróidigh féin. Sa chás seo bheadh cist(mála neamhghnách a bhfuil ábhar leachtach, gásach nó leathsholadach ann) nó ailse i gceist.

Déantar galar sa tíoróideach a dhiagnóisiú le tástáil fola do na leibhéil T4 agus T3 atá san fhuil a fháil amach. Déantar íomháú ar an bhfaireog ar nós scanadh ultrafhuaime le méid is cruth na faireoige a fhiosrú. Déantar bithóipse (Nuair a bhaintear cuid de fhíochán duine agus iad beo ar mhaithe leis an diagnóisiú) chomh maith, ach go háirithe i gcásanna ailse. Breathnóidh paiteolaí ar an sampla fíocháin seo.

Ó thaobh cóir leighis tugtar cógas leis an oiread hormón a scaoiltear a laghdú nó cuirtear hormóin shintéiseacha ar fail do dhaoine de réir mar is gá. Téitear i muinín na máinliachta nuair a bhíonn an fhaireog rómhór. Chomh maith is féidir radaíocht a úsáid leis an bhfaireog a scrios má tá sé rómhór.

Gluais

Meitibileacht – na próisis cheimiceacha a tharlaíonn sa chill is san orgánach a choinníonn beo iad.

scanadh ultrafhuaime – úsáid na dtonnta ultrafhuaime le scanadh a dhéanamh ar an gcolainn(an corp).

Scanadh – íomháú.

paiteolaí – dochtúir a dhéanann staidéar ar phróisis na ngalar.

fíochán - cuid den cholainn a bhfuil cealla ann a bhfuil an struchtúr is an fheidhm chéanna acu.(tissue)

hormóin shintéiseacha – hormóin a cruthaíodh go saorga(go neamhnádúrtha).

Ainglis – meall neamhghnách sa mhuineál.

Úll brád – gnáthstruchtúr a ghobann as an muineál.

 

(Foilsíodh an t-alt seo ar an ‘College Tribune’ sa Choláiste Ollscoile, BÁC cheana.) 

Ábhar Dochtúra: Ardchostas san Ísiltír

Tá polasaí ar Chúram Sláinte Uilíoch á chur chun cinn ag Fine Gael (FG), Páirtí an Lucht Oibre (PLO) agus ag Sinn Féin. Tá FG ag moladh ‘chóras cáiliúil na hÍsiltíre’. Céard go díreach atá i gceist leis?

Aithnítear an córas sláinte atá san Ollainn go hidirnáisiúnta mar cheann de na córais is fearr a chuireann cúram ar fáil i mbealach cothrom, do gach éinne, is ar chostas meánach, dar le roinnt. Tosaíodh ar an gcóras seo sa bhliain 2006. Roimhe sin bhíodh árachas poiblí ag dhá dtrian den phobal agus árachas príobháideach ag an gcuid eile. Ina dhiaidh bhí ar gach duine árachas príobháideach a bheith acu.

Tá ceangal dleathach ar árachóirí bunphacáiste árachais a chur ar fáil do chách. Tuairim is €105 in aghaidh na míosa atá air agus díolann seo as cógais, otharlanna, fiaclóirí, cúram máithreachais, otharcharranna, chomh maith le roinnt fisiteiripe, is teiripe urlabhra. Tá ar gach duine fásta íoc as an gcéad €155 de chostas cúraim sa bhliain ach tá cuairteanna ar an Dochtúir Teaghlaigh (DT) saor in aisce. Tá thart ar seacht mórchomhlacht árachais a íocann as cúram na n-othar in ospidéil sheachbhrabúsacha. Dar leis an OECD seo an costas ‘díreach’ is ísle ar chúram (íoctar breis don árachas). Ní fios áfach, cén caighdeán cúraim go baileach a chuirtear ar fáil.

Tá buairt faoi chaighdeán níos isle le teacht an phríobháidithe, is go ndéanfadh dochtúirí tástálacha, mar shampla, nach bhfuil gá leo le tuilleadh airgid a fháil ó na hárachóirí is go n-ardófaí na fréamhacha.  Ní fios fós an bhfeidhmeoidh córas na nDúitseach go fadtéarmach nó fiú an bhféadfadh córas comórtasaíoch mar é feidhmiú i dtír chomh beag le hÉirinn. Tá cónaí ar breis is 16 milliún san Ísiltír, ceadaíonn seo breis comórtasaíochta thar mar a bheadh abhus.

Tá i gceist ag PLO pá na ndochtúirí comhairleacha is costais a chiorrú go mór sna hospidéil le híoc as. Tá sé níos dírithe ar chiste árachais poiblí a chruthú dóibh siúd atá ar an ngannchuid, ach tá FG ag díriú ar árachas príobháideach agus cothromú fiontar. Tá i gceist ag PLO bunchúram saor in aisce do chách a chur ar bun anseo, mar atá sa Ríocht Aontaithe. Géilleann an páirtí go bhfágfadh an bunchúram saor go dtabharfaí dhá mhilliún cuairt bhreise ar na DT. Deir said go bhfostóidís líon beag dochtúirí is banaltraí breise le déileáil leis an méadú mór seo.

Ar ndóigh laghdódh DT saor in aisce an méid daoine a fhágann tinnis le dul in olcas is a mbeadh cúram níos mó de dhíth orthu amach ansin. Tá drochéifeacht aige chomh maith, ardú ar chostais (brabús níos mó do chomhlachtaí príobháideacha árachais) (agus dochtúirí b’fhéidir), is brú ar an gcóras.

Faoi 2016 tá i gceist ag PLO an cúram uilíoch a chur ar fáil sna hospidéil. D’íocfadh an stát astu siúd ar bheagán pá, chuirfeadh sé fordheontais ar fáil do dhaoine a thuilleann níos mó ná sin. Tá i gceist ag FG an rud céanna a dhéanamh taobh istigh de 10 mbliana. Tá polasaí PLO bunaithe ar chóras na Gearmáine, áit ar laghdaigh an chomórtasaíocht an costas ar chúram sláinte.(le fréamhacha árachais ~14 % de phá bliantúil daoine)

Cháin Conor Mac Liam, fear céile Susie Long (a bhásaigh le hailse putóige) agus iarrthóir de chuid Chomhghuaillíocht na hEite Clé Aontaithe (ULA) polasaí FG. Dar leis, go dtugadh seift FG mórbhrabús do na comhlachtaí príobháideacha agus nach bhfuil córas na hÍsiltíre féin cothrom. Bheadh i gceist ag Sinn Féin córas chúram sláinte uilíoch a bheith acu chomh maith ach thiocfadh an t-airgead seo as cáin. Níl i gceist ag Fianna Fáil ná ag an gComhaontas Glas an córas a athrú.

Tá polasaithe FG sa phlean FairCare áit a bhfuil an coincheap ‘an t-airgead ag leanúint an othair.’ Dar leo, chuirfeadh seo fonn níos mo ar otharlanna seirbhís a chur ar fáil do bhreis daoine toisc nach bhfaighidís airgead ach tar éis dóibh cúram a chur ar fáil d’othar. Tá an plean sonrach agus is léir obair agus tuiscint ann. Ach tá sé an-chasta agus ag brath ar chóras nua go maith nach bhfuil aon chinnteacht ann go bhfeidhmeodh sé san fhadtéarma. Tá cosúlachtaí idir córais PLO agus FG ach tá mórdhifríochtaí eatarthu chomh maith. Le dearcadh an phríobháidithe atá acu, tá FG ag iarraidh na foraoisí agus Bus Átha Cliath a phríobháidiú fosta. Má tharlaíonn gur FG agus PLO a bheidh sa rialtas lena chéile is iomaí achrann a tharraingeoidh an cur chuige seo.

 

Córas na hOllainne

Buntáistí

Míbhuntáistí

Comórtasíocht idir 14 comhlacht árachais.

 

Is féidir árachas do chúram breise a fháil má theastaíonn (déanann 90% seo- dhá chóras)

 

Caithfidh árachóirí glacadh le gach duine fiú le tinneas (Diúltaíonn comhlachtaí i Meiriceá árachas a thabhairt)

Íoctar Cothromú Fiontar le comhlachtaí a fhaigheann othair thinne.(Íocann an pobal 7.2 % cánach ar an gcéad  €31,000 pá)

 

Saorchúram DT

€1,1000 in aghaidh na bliana don árachas. (níos airde ar an iomlán)

Fáil níos cothroime ar an leigheas

Obair idir lámha - Níl aon chinnteacht ann

 

Cógais shaor in aisce

Caithfear árachas a cheannach

 

 

Gan an oiread liostaí feithimh

Ní fios an oibreoidh in Éirinn

 

Gluais:

bunchúram - dul chuig dochtúir teaghlaigh

fréamh árachais - praghas an árachais

cothromú fiontar - airgead rialtais do chomhlachtaí  le hothair thinne

seachbhrabúsach - gan díriú ar bhrabús

 

(Foilsíodh an t-alt seo ar an ‘College Tribune’ sa Choláiste Ollscoile, BÁC cheana.) 

Ábhar Dochtúra: Teannaimis ár gCriosanna

Tír bheag oileánda ia ea Nárú atá lonnaithe i ndeisceart an Aigéin Chiúin. Tá daonra an oileáin faoi cheann deich míle duine ach pobal ar leith é. An béile is ansa leo seo ná sicín friochta agus cóla. Ní hé an béile úd a dhéanann eisceachtúil iad ach an meán-BMI atá acu, 34-35(Is ionann BMI de 25 nó níos mó agus bheith róthrom agus is ionann BMI de 30 nó níos mó agus bheith murtallach.)

Ar Nárú tá thart ar ceithre chúigiú den phobal róramhar agus diaibéitis ar thrian acu. Aisteach go leor is dul chun cinn atá anseo mar sa bhliain 2010 bhí na rátaí murtaill chomh hard le 97% de na fir agus 93% de na mná. Is faoi bhun 5% atá líon na Nárúach a itheann torthaí agus glasraí go rialta, is ina n-áit siúd is bia gasta beir leat fíorphróiseáilte a itear. Daoine a mbíodh sé de nós acu maireachtáil ar éisc, cnónna cócó agus glasraí fréimhe, tá siad anois ag ithe beatha a iompórtáladh  is atá lán le saill agus siúcra.

Tá baint ag na géinte leis chomh maith, ar bhealach is iad dea-ghéinte na Nárúach a shlánaigh iad in am na hanachaine atá anois ag buaileadh buille fill orthu. Nuair nach mbíodh beatha rialta ag muintir Nárú agus mórán oileán beag ar nós é sa cheantar céanna, ba chabhair mhór do dhuine a bheith in ann feidhmiú gan mórán calraí. Bhíodh an cholainn ábalta an bia a athrú ina shaill go han-saoráideach. D’fhág seo go mbíodh na Nárúaigh in ann beatha a shábháil, is maireachtáil trí ghorta. Bhí an próiseas seo ag dul ar aghaidh ar feadh na gcéadta bliain ar a laghad, rud a d’fhág gurb fhearr do dhuine a bhí in ann bia a stóráil go fadtéarmach. Anois agus an bia flúirseach níl colainneacha na Nárúach in ann éirí as an nós seo. 

Thángthas tráth ar fhosuithe fosfáite ar an oileán, rud a d’fhág maoin mhór ag mórán chuile dhuine, agus goile amplach ag an mórchuid. Cé go bhfuil an fhosfáit ídithe le tamall, is ann fós d’aiste bia mhíshláintiúil an tsicín is an cóla.

Cén éifeacht atá aige seo ar shláinte na ndaoine agus ar chúrsaí leighis? Mór-éifeacht. Is i ngeall ar ailse agus ar ghalair chroí a fhaigheann trí cheathrú den phobal timpeall na n-oileán seo bás, galair is féidir a chosc. Tá Nárú míshásta, áfach, gur uirthi a thugtar an ‘Tír is Raimhre ar Domhan’ agus cé gur deacair cur i gcoinne na staitisticí ó thaobh an leighis de braitheann roinnt tír as an Aigéan Ciúin nach bhfuil an córas BMI in oiriúint dóibh toisc go bhfuil meán-airde s’acu íseal go maith. Pé scéal é tá fadhb ábhalmhór sláinte agus cultúir acu. Cuid den fhadhb anois ná go samhlaítear an raimhre le bheith saibhir nó rachmasach. Sin gad is deacair a scaoileadh.

Le súil a chaitheamh ar an saol mór tá Meiriceá  féin go dona, murar chúla tú cheana é,  tá beagnach 80% acu róramhar. Sa Bhreatain is thart faoi 60% atá, is beagnach bonn ar aon abhus i measc dhaoine fásta. Bhí alt spéisiúil ar an Irish Times le déanaí, a lean scéal bhean a d’fhulaing maslaithe móra ó dhaoine fánacha ar an tsráid toisc go raibh sé ramhar. Is uafásach an rud maslú a thabhairt do dhuine ar bith. Dúirt sí go gcaithfear cuimhneach nach bhfuil smacht ag roinnt daoine ar an meáchan atá acu, cineál á chur i gcomparáid le cine dhuine. Ná déantar dearmad áfach, gur ó bhia míshláintiúil agus ó easpa aclaíochta a éiríonn an chuid is mó den róraimhre.

Cuireann costas na gcóireálacha leighis a bhaineann le galair an-bhrú ar mhaoiniú an chórais sláinte, ní foláir don stát aghaidh a thabhairt air. Luaitear feachtais fhógraíochta agus mar sin de ach ar an drochuair is cosúil nach n-oibríonn siad seo i bpobal atá i dtaithí an ndroch-chleachtas. Is gá nós an spóirt is na sláinte a fhí isteach sa tsochaí, sa saol, ón tús ar aghaidh. Agus is rómhinic a dhéantar dearmad ar mhuintir na hollscoile, an tráth is coitianta do dhaoine éirí as an spórt ina dtáinte. Tá ceist seo na sláinte ag éirí níos leochailí i rith an ama. Is ann cheana do ghrúpaí stocaireachta a thugann le fios nach bhfuil an róraimhre míshláintiúil. Ní fíor seo. Ná bíodh iontas orainn tuilleadh den chineál loighce sin a fheiceáil amach anseo.

Gluais

BMI - innéacs corpmhaise

Róraimhre - murtall - otracht

Róramhar – níos mó saille a bheith ar cholainn dhuine ná mar atá sláintiúil.

Beatha - bia

Abhus - anseo

 

(Foilsíodh an t-alt seo ar an ‘College Tribune’ sa Choláiste Ollscoile, BÁC cheana.) 

 

Ábhar Dochtúra: Córas eaSláinte

Tá an tír i ndrochriocht is ní fios fós an mbeidh aon leigheas uirthi. Cowen imithe is breis is leathdhosaen airí eile bailithe leo, Mary Harney ar dhuine acu. Stoitheadh na glasraí fiú. Gach seans go mbeidh an rialtas ar fad imithe faoin am go léann tú seo. Ach cad a éiríonn as na héirithe as don chóras sláinte? Tá ráite go bhfuil billiún le baint as buiséad na sláinte. Córas agus roinn atá ag lúbadh faoi ualach oibre cheana. Táthar ann a deir nach féidir é a dhéanamh, nach leor an €13 billiún féin.

An bhfuilimid ag súil leis an iomarca ón réimse eolaíochta seo? Tá fadhb mhór ag teacht chun cinn go hidirnáisiúnta ó thaobh an costas a chuireann roinnt cógas ar chórais leighis, cógais a bhfuil éifeacht leo ach atá fíorchostasach, Avastin, Gleevec agus Herceptin mar shamplaí. Dhiúltaigh an NHS (sa RA) cóir Avastin a a chur ar fáil mar nach dtabharfadh sé ach 6 seachtainí breise d’othair, ar an meán, ar costais £21,000.  Chuir feachtasóirí ina choinne seo go mór, agus thuigfeá dóibh. Níl sé chomh héasca, áfach, an caiteachas seo a chosaint nuair a thuigtear nach bhfuil a ndóthain le nithe ag 925 milliún duine ar domhan, is nach bhfuil ach dollar amháin ar radharc pháistí a chosaint le vitimíní agus go bhfuil sluaite gan áireamh nach bhfuil rochtain acu ar chóir leighis sna tíortha forbartha fiú.

Tá tairngreacht ag scata eolaithe go mbeadh saol an duine méadaithe go mór, ag éirí as bunthurgnaimh ar luchóga. Is féidir go mbeadh an duine daonna in ann tionchar mór a imirt ar ghéinte agus ar dhul in aois an duine trí theilimíreanna a ionramháil.

Rud spéisiúil is ea buiséad seo na sláinte, duibheagán gan ghrinneall ar bhealach, is minic ráite gur cuma cé mhéid airgid a chaitear isteach ann nach líonfar choíche é. Íoctar thart ar dhá dtrian den tsuim iomlán seo mar thuarastail oibrithe; glantóirí, maoir, teiripeoirí, dochtúirí, altraí, fisiteiripeoirí, lucht riaracháin, agus bainisteoirí ag fáil a riar. Nuair a bhainfear billiún as an mbuiséad iomlán, bainfear ón 30% eile é ar an gcuid is mó, rud a fhágfaidh go ngearrfar seirbhísí go smior is go géar. Mhéadaigh caiteachas an stáit ar chúrsaí sláinte an phobail ó €3.6 míle milliún sa bhliain go breis is €12 billiún faoi 2006. Caithfear suim an bhuiséid seo a thuiscint i gcomhthéacs an chaiteachais iomlán de thart ar €50 go 60 billiún, mar a bhí le dornán de bhlianta anuas.

An réiteach is fearr a d’fhéadfadh an leigheas a thabhairt ar fhadhb an leighis go ginearálta ná caighdeán saoil dhaoine a fheabhsú, go díreach roimh bhás dóibh, ach gan breis a chur le saol an duine a fhaigheann bás de thoradh ghnáthchúinsí. Ní fhéadfadh comhshaol an phláinéid seo nó an domhan eacnamaíoch cos a choinneáil le fás rábach úd na tairngreachta. Cuimhnítear leis, go ngearradh feabhsaithe i sláinte an phobail abhus, ó thaobh aistí bia sláintiúla, aclaíocht rialta, agus eolas maith sláinte, an costas sláinte atá orainn mar thír. Ar an drochuair níor chualathas an glór seo os ard i gceart ag aon pháirtí fós.

Mar sin, táimid ag caitheamh méid uafásach mór ar chúrsaí sláinte agus is cosúil go bhfuil cúrsaí níos measa ná mar a bhí riamh. Cad as a thagann seo? Dar liom go bhfuil cúpla freagra éagsúil ar an gceist, mar atá, na cinn choitianta; an iomad bainistíochta is riaracháin, easpa ceannaireachta, easpa infheistíochta i mbonneagair na sláinte ar bonn pobail chomh maith le sláinte an phobail a bheith ag dul in olcas agus an lucht orainn féin.  Ní dóigh liom, áfach, gur féidir a áiteamh nach bhfuil an buiséad mór go leor, cé gur luaitear seo ó am go chéile. Ainneoin sin ar fad déantar dearmad de threocht atá ag athrú an chórais agus tuiscintí an phobail ó bhonn, sé sin ionchais nó súlachtaí an phobail i dtaobh an leighis gan a bheith réadúil.


 

 

Máire Ó h-Athairne

Gluais:

Ionchas – rud a bhfuil duine ag súil leis

Rochtain – bheith in ann rud a fháil

Teilimír – Cuid den ADN(DNA) ag deireadh na gcrómasóm

(Foilsíodh an t-alt seo ar an ‘College Tribune’ sa Choláiste Ollscoile, BÁC cheana.) 

 

 

Fiche Bliain don Ghaeilge, an IMF, agus Stephen Fry

Agus an tír ag titim as a chéile is an ECB is an IMF ag teacht chun fóirithinte orainn an tseachtain seo caite, bhí ceist thábhachtach idir chamáin sa Dáil, Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Plean é seo a chuir comhchoiste Oireachtais le chéile le sprioc de 250,000 cainteoir Gaeilge laethúil a ghiniúint faoi cheann 20 bliain. Tá an sprioc seo thar a beith uaillmhianach go háirithe i bhfianaise nach bhfuil ach thart faoi 100,000 cainteoir ann faoi láthair.

Chomh maith, leis an sprioc ard sin is gá don phlean seo dul i ngleic leis an lomtátal a bhí ag an Staidéar Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a thugann le fios nach mbeidh an Ghaeilge mar theanga an phobail sa Ghaeltacht in imeacht glúine amháin eile. Tá mórán moltaí éagsúla sa straitéis, ó níos mó béime ar an teanga taobh amuigh den scoil, go foclóirí, is stádas na teanga sa Bhunreacht chomh maith le spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh siúd a chuireann fúthu sa Ghaeltacht is san iar-Ghaeltacht. Bhí Alan Shatter agus Enda Kenny den tuairim nár chóir caint ar an nGaeilge de bharr na díospóireachta geilleagraí agus cuireadh Shatter den Dáil.

 

Gaeilge amháin Roghnach(ach Béarla fós Éigeantach), FG is Páirtí an Lucht Oibre

 

(Éire níos cóire-  ach ní do lucht na Gaeilge)

 

D’fháiltigh Frank Feighan, urlabhraí Gaeltachta (nach bhfuil Gaeilge aige) Family of Gaels(Fine Gael) roimh an straitéis ach mhol sé go ndéanfaí athbhreithniú ar stádas éigeantach na Gaeilge tar éis an Teastais Shóisearaigh(TS). Bhí Fergus O’Dowd den tuairim gur chóir fáil réidh léi tar éis an TS. ‘Bíonn grá ag daltaí do na hábhair a theastaíonn uathu déanamh, ní na cinn a mbíonn orthu déanamh’

Mana rialta ag Fine Gael é seo agus dealraíonn sé gur Enda Kenny agus Brian Hayes ó Family of Gaels atá taobh thiar de don chuid is mó. Maíonn siad nach mbeadh drochéifeacht aige seo ar an nGaeilge agus an líon a dhéanann staidéar ar an nGaeilge ach tá an fhianaise idirnáisiúnta chomh maith leis an gciall chomónta glan ina gcoinne. Tá ráite ag Conradh na Gaeilge go bhfuil seasamh idé-eolaíoch frithGhaeilge acu agus is beag duine de Ghaeilgeoirí na tíre atá tar éis dúshlán an ráitis seo a thabhairt. Mhol Brian O’Shea(Páirtí an lucht Oibre) go ndéanfaí na briathra níos rialta, rud a léirigh a easpa tuisceana ar chúrsaí teangeolaíocha, sé sin nach briathra ach gnéithe casta eile den teanga a chuireann isteach ar a forbairt.

 

 

Na Meáin agus an Ghaeilge: RTÉ Raidió 1 agus TV3

Tá RTÉ Raidió 1 tar éis a admháil nach mbeidh aon chlár Gaeilge á chur le chéile acu as seo amach ach go ndéanfaidh siad athchraoladh ar chláir ó Raidió na Gaeltachta. Tá an cur chuige seo scannalach ón bpríomhchraoltóir náisiúnta agus rud é nach féidir a chosaint. Níl sé cóir ar phobal na hÉireann nach mbeidh cláir úra Gaeilge ar Raidió 1.

Tá TV3 le craobh uile-Éireann na mionúr a chur i láthair agus cé go mbíodh seo as Gaeilge cheana tá an chosúlacht ar an scéal anois nach amhlaidh a bheidh ar TV3. Tá ráite ag roinnt tráchtairí gur maith an rud é seo toisc go raibh polasaí RTÉ ag déanamh leithcheala ar Bhéarlóirí na hÉireann. Anois, áfach is ar na Gaeilgeoirí a bheidh an leithcheal dírithe, rud atá ceart dar leo sin, ní foláir.

 

Stephen Fry le bheith ar Ros na Rún

Táim cinnte go bhfuil bhur leordhóthain den bhuairt is den chaint éadóchasach faoin nGaeilge, faoi naimhde na teanga i nDáil Éireann, agus faoin ngeilleagar ach ná bí buartha fágfaidh mé sibh le deá-scéal! Tá an t-aisteoir béalscaoilte Briotanach le ról caimeo a ghlacadh sa sobalchlár Gaeilge Ros na Rún. Tosófar ar thaifead don chlár ar an Spidéal ag tús Mhí na Nollag. Mar chuid de shraith an BBC ar theangacha neamhfhorleathana Planet Word, glacfaidh an móraisteoir ról cainte sa sobalchlár clúiteach Gaeilge a bhfuil breis is 1000 clár craolta acu go dtí seo. Dar le Hugh Farley, léiritheoir na sraithe, beidh radharc ardspraoi leis ann ina mbeidh roinnt de mhórcharachtair Ros na Rún. Ní fheadar an mbeidh sé ag giolcaireacht leis ar Twitter i dTigh Thaidhg?

(Foilsíodh an t-alt seo ar an ‘College Tribune’ sa Choláiste Ollscoile, BÁC cheana.)

Ábhar Dochtúra: Is Baolaí Dúinn Alcól ná Hearóin

Maíonn taighde a rinneadh le deireanas gur alcól an druga is baolaí nuair a chuirtear san áireamh an dochar a dhéantar don té atá ag ól is do dhaoine eile.  Cuireadh i gcomparáid é le grúpa de 20 druga idir dhleathach is neamhdhleathach. Is measa an braon biotáille ná hearóin nó cnagchócaon féin. Foilsíodh tuairisc ar an taighde seo san iris mheasúil leighis an Lancet. Eolaithe de chuid Coiste Neamhspleách na Breataine Um Dhrugaí agus sainchomhairleoir de chuid an Lárionaid Monatóireachta Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí a chur i dtoll a chéile é.

De réir an taighde, tá trí oiread níos mó dochair ag baint le halcól ná le cócaon nó tobac, is tá sé ocht n-oiread níos measa ná eacstais. I measc na gcritéar a úsáideadh bhí; éifeacht an druga ar choiriúlacht, ar chliseadh teaghlaigh is neamart ar ghasúir, an costas a bhí ar dhul i ngleic le hiarmhairtí an druga o thaobh an chórais sláinte, rátaí táirgeachta ísle is an éifeacht a bhí ag an druga ar an tsochaí trí chéile.

Airíodh; dochar don tsláinte, ciorróis is strócanna, bás de bharr an druga go díreach (le ródháileog), is go neamhdhíreach(timpistí bóthair, féinmharú, is SEIF) chomh maith le drochthionchar ar chaidrimh is ar shláinte mheabhrach ar na critéir ó thaobh dochar don úsáideoir. Bhí baint mhór ag an gcostas geilleagrach, leis, ar rangú alcóil, hearóine, tobac, is cannabais. Cuireadh san áireamh chomh maith an líon ábhalmhór daoine a ghlacann an druga seo go rialta .i. alcól.

Bhí lámh ag David Nutt, iarchomhairleoir de chuid an rialtais sa Bhreatain, agus síciatraí, a briseadh óna ról, toisc nár thaitin a chuid eolaíochta leo. Bhí sé den tuairim nár chóir go ndéarfaí go raibh cannabas níos baolaí ná an tobac is alcól toisc gur lú dochair a d’éirigh as a úsáid. 

Luaitear go minic an costas mór atá ag alcól ar gheilleagar na hÉireann, eadhon, gur €3.7 billiún atá i gceist, ach ní seo iomlán na fírinne. Cé mhéad a thuilltear de bharr alcóil? Dá mbeadh cosc air oíche amárach is ar éigean a tharlódh rud ar bith sa tír. Tuigeann an té nach eacnamaí é go bhfuil an t-alcól lárnach i ngeilleagar oíche na tíre seo.

Dar leis an Lancet b’fhiú díriú isteach go fíochmhar ar an dochar a chúisíonn alcól. Dúirt Rosemary Garth, stiúrthóir Chónaidhm Lucht Deochanna Alcóil na hÉireann leis an Irish Times go raibh sé ‘dainséarach táirge dleathach rialaithe ar nós alcóil a chur i gcomparáid le drugaí mídhleachtacha.’ Is léir go ndeachaigh tuiscint na hargóinte amú uirthi, sé sin dá gcoiscfí drugaí ar bhonn dochair ba luaithe a choiscfí alcól ná aon cheann eile dar le húdair an taighde seo. Argóint gan bhonn í a bhí le cloisteáil ar Raidió RTÉ arís, nuair a dúirt fear beáir an tseachtain seo ‘nach dtarlaíonn ragús óil sna tithe tábhairne’

 

Dúirt Garth, leis, go mbaineann an chuid is mó de dhaoine taitneamh as alcól i ‘mbealach freagrach’ An gcreideann sí féin sin? Déarfadh fear na céille nach gcreideann is gur bréag aici é, is fiú dá gcreidfeadh, déarfadh an fear céanna go bhfuil dul amú chomh millteanach uirthi nár choir dúinn aon áiteamh de chuid a Cónaidhme a chreidiúint feasta.

Is cosúil gur gá a rá mar sin go bhfuil fadhb uafásach sa Bhreatain. Ar an drochuair ní faill na hÉireann an ceann seo agus is amhlaidh againne í. Mar is eol dúinn áfach, ní dhéanfar aon iarracht cheart dul i gleic leis an bhfadhb thall nó abhus agus is measaide dúinn sin. Tá sibh ar aon eolas!

Cnagchócaon – an cineál cócaoin a chaitear.

Eacstais – an druga ‘E’

ciorróis – galar san ae

stróc – fabht a bhaineann den inchinn is den cholainn

ródháileog – an iomarca de dhruga a ghlacadh

(Foilsíodh an t-alt seo ar an ‘College Tribune’ sa Choláiste Ollscoile, BÁC cheana.) 

Ábhar Dochtúra: Conspóid Ospidéal Úr na nGasúr

 

Le deireanas, tá tar éis bheith ina raic maidir le suíomh an ospidéil úir do leanaí, ospidéal a chosnóidh €650 milliun agus a bhfuil súil ag an rialtas é a chomhlonnú ar shuíomh ospidéal an Mhater aineoin an chlampair atá tógtha ag dreamanna éagsúla faoi. Tá an t-Uasal Philip Lynch i ndiaidh éirí as an gceannaireacht ar Bhord Forbartha an Ospidéil Phéidiatraicigh Náisiúnta (BFOPN) de bharr go raibh bundeacrachtaí ann an post a bhí faoina chúram aige a chur i gcrích, dar leis. Deir an t-Aire Sláinte Mary Harney, áfach, gur iarr sí air éirí as mar nach raibh suíomh an ospidéil i dtéarmaí tagartha an bhoird agus dá bharr seo nach raibh sé in ann an ról a chur i gcrích mar ba cheart. Is liosta mór fada gearán atá aige, áfach, agus luann sé cuid mhaith fadhbanna eile leis an togra taobh amuigh de cheist an tsuímh; an bhearna mhór atá ann ó thaobh maoinithe (tá breis is €100 milliun le bailiú ó fhoinsí carthanachta agus daonchairdiúla) an easpa nó míshoiléire pleanála ó thaobh stiúradh an ospidéil anuas ar fhadbanna ó thaobh deartha do shuíomh ospidéal an Mhater, fáil ar an otharlann in amanna barrthráchta, is ceisteanna faoi pháirceáil ar an suíomh. Cé gur éirigh Lynch as tá súil an t-ospidéal a bheith ar oscailt roimh dheireadh na bliana 2015.

An fáth ba mhó gur beartaíodh an suíomh seo a roghnú ná toisc gur anseo is luaithe gur féidir otharlann a thogáil ann. Ba ar mholtaí an chomhlachta McKinsey & Company (sainchomhairleoirí bainistíochta) a bhunaigh tascfhórsa de chuid Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an rogha. Luadh an luas lena bhféadfaí an otharlann a chur ar fáil sa suíomh seo mar an príomhfáth idirdhealaitheach gur roghnaíodh anMater i leaba na n-ospidéal eile. Tá an t-Aire Harney tar éis a rá go sabhálfaidh seo thart faoi €25 milliún in aghaidh na bliana ar an trí otharlann a thiocfaidh le chéile ann ar deireadh; Ospidéal Shráid Temple, Ospidéal Mhuire i gCromghlinn agus Ospidéal Náisiúnta na Leanaí i dTamhlacht.Bunting Coady Architects

Aontaíonn Comhaontas d’Ospidéal Nua na Leanaí le gach rud atá ráite ag Lynch. Tá de ghearán acu chomh maith nár iarradh ar phaistí sular roghnaíodh suíomh. Is ait liom seo. Tuigimse go bhfuil gá le próiseas eolais agus dul i gcomhairle ach ní dóigh liom gur féidir a rá go mbeadh tuairimí na bpáistí ina chabhair mhór ag an dream atá ag réiteach pleananna don otharlann. Tá an Comhaontas ag tabhairt le fios go bhféadfadh gach éinne a bheith ina shaineolaí ar cheist seo na hotharlainne ach ar ndóigh ní fíor sin. Is beag duine dáirire a thuigeann i gceart mar a roghnaíodh an suíomh.

Is cosúil go bhfuil fadhb bhunúsach ann ó thaobh lonnú an ospidéil, agus ní cheansófar an fhabhb seo nó an slua atá ag stocaireacht go mbógfáí é ag dul ar aghaidh dall an rialtais. Más rud é go bhfuil sé ródhéanach dul siar ar roghnú an tsuímh nó bhfuil an cinneadh glactha is réitithe ar bonn feidhmiúcháin caithfear a mhíniú go follasach is go hintuigthe don phobal na fáthanna atá leis seo. Ní shásóidh freagraí folmha nó béal ban an aire a deir go bhfuil an cinneadh glactha. Tá amhras mór léirithe ag grúpaí éagsúla, tuistí pháistí atá tinn, dochtúirí péidiatraiceacha is ollúna chomh maith le gnáthshaoránaigh a cheapann go bhfuil buncheisteanna ann fós nár freagraíodh. Caithfear éisteacht leo ar mhaithe leis an daonlathas. Seans maith go deirfear go bhfuil an otharlann de dhíth láithreach bonn baill agus nach féidir dul siar ar chinneadh an tascfhórsa. Pé scéal é, caithfear éisteacht.

(Foilsíodh an t-alt seo ar an ‘College Tribune’ sa Choláiste Ollscoile, BÁC cheana.)

 

 

 

Ábhar Dochtúra: Ann nó as do na hAntaibheathaigh?

Is minic le tamall de bhlianta anuas don dá thaobh sa chaidreamh idir an leigheas eolaíochtúil is an tsochaí chomhaimseartha a bheith in adharca a chéile. An t-aineolas, an dalbacht is an bhaois ar an dá thaobh a chúisigh seo. Féachann an colún seo leis an gcaidreamh sin a fheabhsú trí spléachadh a thabhairt ar roinnt de na míthuiscintí a chúisigh seo.

Ann nó as do na hAntaibheathaigh?

 

Tá scéalta uafáis ar na meáin le tamall anuas go bhfuil bagairt ann nach mbeidh aon éifeacht ag na hantaibheathaigh amach anseo. Tá roinnt ag tuar go mbeidh an chuid is mó acu as feidhm in imeacht roinnt glún eile. Is beag cineál antaibheathach a rinneadh fionnachtain air le tamall de bhlianta anois i ngeall ar an gcostas a bhaineann leis is cuireann seo leis an bhfadhb.

Leis an gcríoch seo a sheachaint ba chóir leas níos fearr a bhaint as tástálacha diagnóisíocha le pataiginí agus an cineál frithsheasmhachta atá acu a chinntiú roimh chógais a ordú. Bíonn forbairt vacsaíní leis, ina chabhair, mar gur féidir leis cinntiú nach mbeidh galar ar leith ag duine agus nach mbeidh gá dul i muinín na n-antaibheathach. An tslí is fusa ar fad, áfach, dul i ngleic leis, ná láimhseáil cheart a dhéanamh ar na drugaí atá againn faoi láthair.

De bharr nach bhfuil seo á dhéanamh tá ar na heolaithe iarracht a dhéanamh drugaí úra cliste a chumadh le dul i ngleic leis na baictéir. Toisc go ndéanann baictéir éabhlóid an-mhear ar fad is deacair fanacht i bhfad chun tosaigh orthu ó thaobh antaibheathach, ach go háirithe agus cineálacha éagsúla tagtha chun cinn a bhfuil frithsheasmhacht acu i gcoinne na n-antaibheathach is cumhachtaí ar fad. Fós féin tig díriú isteach ar úrchruthú antaibheathach, nó fiú víris a thabhairt do na baictéir (tá siad so-ghabhálach i leith víreas). 

Tá taighdeoirí in Ollscoil Luimnigh ag tabhairt aghaidhe ar an gcaoi gur féidir le baictéar amháin a bhfuil frithsheasmhacht aige i gcoinne druga, atáirgeadh agus sliocht de na milliúin a chruthú in aon lá amháin. Tá ráite acu go bhfuil antaibheathach s’acu in ann baictéir atá ar tí a n-atáirgthe a aithint is a mharú. Chomh maith bítear ag caint ar bhaictéarafagaigh, a itheann baictéir, mar leigheas ar an ngéarchéim, ach is iomaí fadhb lena gcomhoiriúnú.

An rud is tábhachtaí gur féidir leis an bpobal a dhéanamh ná treoracha an lia-chleachtóra a leanúint; réimse cógais a chomhlíonadh san iomlán, agus gan iad a ghlacadh ach amháin sa chás a bhfuil gá leo.

 (Foilsíodh an t-alt seo ar an ‘College Tribune’ sa Choláiste Ollscoile, BÁC cheana.) 

 

 

Fáilte is Fiche Míle Mac Léinn g0 COBÁC-UCD


Fáilte. Sin é agaibh é. Beidh an focal sin cloiste ag na freisir inár measc faoi seo. Fáilte ar ais cloiste ag an gcuid eile againn. Mar sin tosaíonn bliain eile in UCD (nó COBÁC leis an teideal cruinn-cheart-cineál curtha faoi chois a thabhairt!). Beidh an-chuid den seandream againne ag gearán is ag spochadh as an mbaicle úr agaibh anseo. ‘Éiríonn siad níos óige gach aon bhliain’ Ní féidir linn dul go dtí Club X a thuilleadh mar tá mo dheirfiúr óg ag dul ann anois’ Caithimis uainn é mar spórt!

Anois a mhic léinn nua, seo daoibh faoiseamh trí éigin bliana in aghaidh an chúlaithe mhóir, trí bliana lán den raic, den chraic, den ragairne, den rírá is den ruaille buaille (táim rite as focail a thosaíonn le r) Trí bliana ag foghlaim conas tionscnamh grúpa a dhéanamh(leat féin), conas scrúdú cheisteanna ilroghnacha a líonadh amach i gceart(A don ádh?), conas triúr cailíní/buachaillí/beithíoch(scrios mar is mian leat) ón gcúrsa céanna a phógadh in aon oíche.

Cloisfidh sibh faoin loch rúnda, faoin dara loch rúnda, aimseoidh cuid agaibh iad seo ach an dream eile suífidh sibh istigh ag tabhairt aire na huibhe do bhur dtinneas bpóite. Cloisfidh sibh faoin leabharlann rúnda trédhearcach, is na tolláin rúnda, faoin ailtireacht fhrithchiréibe, faoin gcara le deartháir a bhí sa Bheár an oíche ar thug cailín ceann do lead le ticéad do Bhál na bhFreisear a bhuachan. Íosfaidh sibh sa Bhialann, i gCaife na nEalaíona, i 911, in O’Briens, sa Chaife Spóirt agus beidh bhúr dtuairimí féin agaibh;  lofa, álainn, ming, cgl, cac agus ar deireadh tiocfar ar an tuairim gur bia uafásach costasach is neamh-shláintiúil é. Mí ina dhiaidh sin tabharfaidh tú faoi ndeara gurb fhearr é ná Weetabix agus pónairí. 

Is le bagairt na scrúduithe cuirfidh sibh aithne ar na leabharlanna ‘Ó bhabh ní raibh a fhios agam go raibh Leabharlann James Joyce, laidhc, anseo?!’ ‘Cá bhfuil an Blackboard mór seo a mbíonn gach éinne ag caint air? Beidh sé ina chogadh dearg eadraibh ag moladh feabhas an chinn atá roghnaithe agaibh. Tuigfidh sibh an fáth go ‘gcaithfidh mé, laidhc, teacht isteach choooooomh luath le plocóid a fháil.’ Tuigfidh sibh GPA agus beidh deacracht agaibh i gcónaí oibriú amach an go maith nó an go dona atá tú ag cruthú.  2? Dealraíonn sin go maith, cá bhfios? Cuirfidh cuid agaibh aithne ar Aontas na Mac Léinn, cuid eile rachaidh sibh chun cónaithe ann.

Bígí páirteach i gcumainn, sa rang, sa spórt, is tosaigh cairdeas le gach mac máthair againn anseo, go fiú is an fear gan dídean a fheicfidh sibh gan mhoill. Don Ghael in bhur measc, ná bíodh aon eagla oraibh mar seo chugaibh An Cumann Gaelach. Dóibh siúd a bhaineann taitneamh as rudaí a dhéanamh; an L & H, An Cumann Drámaíochta is Dramsoc, anuas ar Chumainn Cheoil is Litríochta, murab ionann agus áiteanna eile, tá rogha den dá theanga oifigiúil anseo sa CHOBÁC níos minice ná ár gcairde lárchathrach. 

Ar chuala tú trácht ar Aodh Ó Brádaigh? An príomhcharachtar sa chluiche is fear fós ó Where’s Wally? Club XXI? Merville, Belgrove, nó Gleann na Mine? UCD Ball? Tá mórán i ndán daoibh. Mar sin, seo chugaibh an chuid is fear de bhur saolta go dtí seo (agus as seo amach is cosúil) beirigí greim ar an lá, bainigí súp, spórt, spraoi is taitneamh as gach lá daoibh bheith anseo. Ní fada an t-achar trí bliana, is tá na cailíní/buachaillí/beithígh ag fanacht oraibh!  

(Foilsíodh an t-alt seo ar an ‘College Tribune’ sa Choláiste Ollscoile, BÁC cheana.)

Scéal na Scannán 2009

Na scannáin ba mhó a thuill pingíní an phobail i mbliana ná ag uimhir ag 10- Angels & Demons, cinéal Davinci Cód a dó- a bhí measartha, ag uimhir 9 bhí Night at the Museum 2 droch dara scannán ar dhrochbhunscannán ach bhí spraoi gan brí i gceist cinnte. Monsters vs. Aliens scannán beochana a thaitin thar cionn leis na paistí ag uimhir 8, ag uimhir a 7 bhí Startrek ar éirigh leo cúl a thabhairt do na saoithíní seomra faoi stiúr an stiúrthóra chlúitigh J.J. Abrahms - ag uimhir 6 bhí an scannán scothach grinn The Hangover inar dhúisíomar ar fad tar éis oíche mhór a bheith caite aréir agus póit aisteach orainn ar fad, bhí an ceann seo iontach maith ar fad. Ag uimhir a 5 bhí bhí Transformers: Revenge of the Fallen, agus bhí fáth amháin le seo- Megan Nic an tSionnaigh- Megan Fox na dathúlachta- ba chuma nach raibh an scannán féin thar mholadh beirte ! Ag uimhir a 5 bhí an scannán gleoite beochana Up, a bhí go hálainn ar fad ar fad, scéal beag gleoite le dearadh dochreidte deas, áááaá!!!! Ag uimhir a 3 bhí scéal cráite le críoch éachtach- scéal an bhuachalla óig a bhuaigh luach an tsaoil ar chlár-chluiche agus ansin cuirtear ina leith gur caimiléir é, ríomhann an scannán an scéal ó thús a shaoil i slumaí bochta brocacha na hInde go barra buach an mhilliúnaí ag deireadh. Ag a dó bhí Ice Age 3: Dawn of the Dinosaurs –sraith de scannáin ghleoite le dearadh símplí álainn tarraingteach a thaitníonn le chuile dhuine idir óg is aosta. Agus ag an mbarr ar fad bhí ? Harry Potter and the Half-Blood Prince! Scannán eile nach raibh dáiríre thar insint scéil, ach ceann, fós féin go raibh ort é a fheiscint!

 

Bhuel is féidir linn a bheith ag súil le Transformers 4,5,6,7 agus Harry Potter 67 go luath san athbhliain- táimid ar fad ag súil leo sin!!!

Amhrán ‘Remember When’ Leis na Heathers aistrithe go Gaeilge agam.

‘cuimhin liom an uair’

Heathers

Is cuimhin liom an uair, nuair a shuíomar taobh amuigh
ag díleá ‘nouritture’ nár oirr dár súile féin
sheasmar an fód, agus thóg linn é mar chiseál dár sliogáin,
fós gairíonn tú fúm, conas?
gcuimhin leat an uair, cheapamar aithne bheith a chéile, feadh fad ár saoil
siad sin an cineál, nach féidir, leatsa a chailliúint, agus nuair a thitis isteach i bpoll
bfhearr m’aithne-se ná t’aithne féin

Is mór dom dul, is mór dom dul as seo is chuile rud
caithfidh mé rith le himeacht as seo ar fad
Is mór dom dul, is mór dom dul as seo is chuile rud
feadh taimillín, feadh tamaillín

dhreapamar le só gan stró ag dreim thar dreim’re is taobh ar bith {eile} ann/

‘s cuimhin liom an uair, nuair a shuíomar taobh amuigh
ag díleá ‘nouritture’ nár oirr dár suile féin
sheasmar an fód, agus thóg linn é mar chiseál dár sliogáin,
fós gáiríonn tú fúm, Conas?
só achainí ort aon uair amháin eile
díreach le mo thaobh den scéal a mheas
Ní thitfidh an ród seo fút ach tú a choinneáil slán
ach beidh ina smidirínní fúm, ded’ uireasa

 

‘Remember When’

 

I remember when, when we sat outside,

Digesting "nourriture" that didn’t suit their eyes.

We stood our ground, and took it as a layer to our shells,

And still you laugh at me. Why?

Remember when we thought we’d known each other, all our lives?

Those are the types that you can never really lose, and when you fell into a trap,

I knew you more than you knew you.

I need to go, I need to get away from everything

I’ll have to run to get away from here

I need to go, I need to get away from everything

Just for a while, I need to get away from here.

And so we slowly slowly climbed over a ladder with no other side

And so I’ll plead with you one last time,

Just to consider my point of view,

The path on which you walk will never fail to keep you safe,

But it will crumble underneath me, minus you.

 

Scéalta Éagsúla

sa Téalainn
Bhí sé ina raic i mBangkok inné nuair a thosaigh trúpaí ag scaipeadh na léirsitheoirí ata ann le 9 seachtainí
Bhí an foiréigean tar éis scaipeadh ar fud na cathrach agus cuireadh ionaid siopadóireachta trí thine agus caitheadh diúracáin agus buamaí le forsaí an rialtais. Cuireadh dóiteáin i 27 bhfoirgneamh agus 16 banc. Cuireadh cuirfiú i bhfeidhm agus agus leathnnaíodh e go 24 cúige timpleall na tíre ó thuaidh ach go háirithe. Maraíodh 15 agus gortaíodh 98. Inniu deir an rialtas go bhfuil deireadh curtha acu leis an imreas don chuid is mó.

An Euro
Thit an euro agus stocanna inniu agus an domhan buartha faoin éifeacht a bheidh ag géarchéim fiachais na hEorpa ar dhul chun cinn eacnamaíoch ar domhan. Ghéaraigh an cosc a chur na Gearmáinigh ar meardhíol ar roinnt bannaí agus stocanna. Thit luch an euro siar go $1.233 titim 0.76. Thit sé go $1.2212 ag pointe amháin sular fhill sé ar $1.2247 roiimh dhúnadh do na margaí.

Little Lion Man curtha i nGaeilge

Caoin duit féin a dhuine, is lú atá ionat féin ná mar atá i do chroí

Caoin duit féin a fhir bhig na leon, níl tú a chróga is a bhí i dtosach slí

Meas tú féin is réab tú féin

Glac an misneach atá fágtha agat

Curtha amú ag réiteach fadhbanna a bhí cruthaithe agat i do chloigeann féin

 

 

Is lú atá ionat féin ná  i do chroí

 

Níorbh ortsa an locht ach orm

Agus ba do chroise féin faoi bhrú

Rinn’ mé(focan) praiseach as an uair seo

A ghrá nach fíor

A ghrá nach… fíor

 

Croith duit fhéin, a dhuine, tuig go bhfaca tá seo ar fad cheana féin

Croith duit féin a fhir bhig na leon ní réiteoidh tú na fhadbanna sin agat féin

Do ghréas as áit ar t’éadan

 Do dhalbacht seasa’ leis féin i measc an réabtha
éist le le do mháthair nó caith do shaol ag cogaint ar do mhuineál féin

 

Gold le Interference aistrithe go Gaeilge (le clos sa scannán Once)

Ór

 

agus is grá liom í

ní mhalartóinn ar ó-r í

táim a’ siúl ar ghaetha gealaí

rugadh mé le geal-spúingín

is mé féin a bheidh ann, is beidh mé saor ann

táim a’ siúl ar gaetha gealaí

 

is féachaint ‘mach thar farraigí

 

is má dhúntar doras

tógtar bóthar abhaile dúinn

agus tóg na cuirtíní síos

do sholas atá mar ór

 

 

agus caithfidh gur tú, tú

is déan mar dhéanann tú

‘tú siúl ar ghaetha gealaí

is féachaint ‘mach thar farraigí

dá mba chré do chneas

An fada, meas tú, dóibh roimh thosú ag tochailt

agus dá mba ór do shaol

an fada, meas tú, go mbeadh tú ag streachailt

agus is grá liom í

ní mhalartóinn ar ó-r í

Samson le Regina Spektor tiontaithe go Gaeilge

Samsón 

Is tú mo thurnamh is milse
Thúgas grá duit ar dtús, thugas grá duit ar dtús
Faoi bhráilliní páipéir atá fírinne s’agam
Is gá dom fágáil, is gá dom fágáil
Bhí do ghruaig fada, nuair a chéadchas mé leat

Smason chuaigh sé ar ais a luí
Gan mórán gruaige ar a cheannaín
D’ith se slisín d’arán na ndraoi is chuaigh sé ar ais a luí
Is dhearmad na leabhair staire muid, is níor luaigh ‘n bíobla muid ach oiread
is níor luaigh an bíobla muid ach oiread, gan tagairt fiú.

Is tú mo thurnamh is milse
Thúgas gra duit ar dtús, thugas grá duit ar dtús
Is faoi na réaltaí tá ‘titim ar ár gcinn
gan iontu ach seansholas, gan iontu ach seansholas,
Bhí do ghruaig fada, nuair a chéadchas mé leat

Samson a tháinig chun mo leabaí
Is dúirt sé liom go raibh mo ghruaig ruaidh
Dúirt se liom go raibheas álainn, is tháinig chun mo leabhaidh
Ó ghearras féin a fholt oíche
Péire seansiosúr ins an solas buí
is dúirt sé liom go raibh éirithe liom
is phóg se mé go maidin, go maidin
is phóg sé me go maidin 

Smason a chuaigh ar ais a luí
Gan mórán gruaige ar a cheannaín
D’ith sé slisín d’arán na ndraoi is chuaigh sé ar ais a luí

Ó ní fhéadfaimis na colúin a leagan

Sea, níor éiri’ le scrios ar aon cheann acu.

Is dhearmad na leabhair staire muid,

is níor luaigh ‘n bíobla muid ach oiread
gan tagairt fiú.


Is tú mo thurnamh is milse
Thúgas grá duit ar dtús.

Timpiste Eitleáin

Is cosúil go bhfuair an t-údar Éireannach Bree O’Mara (42), a bhí le bualadh le foilsitheoirí faoina húrscéal is déanaí Nigel Watson, Superhero, bás. Bhí sí i measc an 93 paisinéirí agus criú de 11 ar an eitilt Airbus A330 Afriqiyah Airlines 8U771,a bhí ag eitilt as Johannesburg agus ar tharla tionóisc dó ag aerfort Tripoli. An t-éinne amháin a tháinig slán as ná buachaill 9 mbliana d’aois agus bhí seisean ag teacht chuige féin in ospidéil i dTripoli inniu.